Fanann na báid le caladh sara gcuireann Arís chun farraige; ainneoinn na doininne, Filleann siad ar thalamh tirim; is tiocfaidh mé Abhaile ar feadh dhá ráithe sara bhfágfaidh mé. Filleann gach éinne ach do chara dil Is do ghrá geal dílis; filleann gach duine Ach an té is mó atá uait. Ní chreidim Sa chinniúint; ar éigin a chreidim ionam féin. Is an fada eile a bheidh sé seo i ndán: Go scriosfar is go ndófar gach bád? Ó tiocfaidh mé abhaile arís, a chairde. Canfaidh mé daoibh má fhanann sibh liom dhá ráithe.
© Louis de Paor. Aistriúchán, 2014