Filleann na longa in ainneoin na doinínne, beidh mé arís i gceann ráithe nó dhó. Tá mé siúlach ar nós aos uile mo linne.   Filleann gach éinne och amhaín ár gcuid leannán, béithe na céille! Iadsan is mó atá uainn. A chumainn, níl sa chinníuint ach greannán.   Tá súil agam nach gcuirfear longa an dóchais ó chuan beidh mé arís, créid é, in am an rathúnais, in am an tsuaimhnis. Canfaidh mé mo dhán go buan.  
© Cathal Ó Searcaigh. Aistriúchán, 2014